Agus anois tá seal s’agaibhse ann!
Ar mhaith leatsa do scéal féin a chluisint fríd an cheol? Mar tá muid ag lorg scéalta (agus pictiúirí) ó pháistí don togra seo, le go gcumfaidh na ceoltóirí ceol fána gcoinne.
Seol do scéal féin chugainn ag myra@quotidian.ie roimh an 15ú Samhain 2020.
Is féidir leis bheith clóscríofa nó scríofa le lámh (scanáilte/griangraf), agus le do thoil, cur pictiúr (nó níos mó ná pictiúr amháin más féidir) chun do scéal a mhaisiú.
Sa ríomhphost, inis dúinn d’ainm agus d’aois!